top of page
FTO_ERC - DOTS Final RGB.png

Triail Mhatamatice
Dhroim Conrach
(Ar líne)

Is éard atá i dTriail Mhatamatice Dhroim Conrach ná tacar sonraí de mheasúnuithe caighdeánaithe (gnóthachtáil mhatamatice) bunaithe ar an gcuraclam. Tá sé dírithe ar dhaltaí bunscoile in Éirinn.

Ag gach grád leibhéal, tá trí foirmeacha comhuaineacha. Tá leibhéal níos practiciúla ag an DPMT nua ná mar a bhí ag a réamhtheacta. Ag an am céanna, tá sé fós ag cumhdú na hábhair tábhachtacha agus scileanna próiseála ina ndéantar cur síos orthu sa churaclam reatha. Tá an triail nua níos giorra ná seanleaganacha (50 mír, in ionad 75), chun méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht agus aird na ndaltaí. Léiríonn na comhthéacsanna difrúla a úsáidtear, agus na híomhánna (atá éasca do pháistí a úsáid), an daonra éagsúil atá i mbunscoileanna na hÉireann.

Is féidir le scoileanna atá ag riaradh an triail ar líne tuairiscí uathoibríoch a ghineadh díreach tar éis na trialacha, saor in aisce. Chomh maith le scóir san iomlán, taispeánann tuairiscí scóir ar leith le haghaidh na gnéithe a bhaineann le hUimhreas/ An Ailgéabair/ Tomhais, Spás agus Cruthú/ Sonraí agus Seans. Ina theannta sin, léiríonn siad briseadh síos ar scileanna próiséala, ag úsaid dhá fhoscála: Tuiscint & Cur i bhFeidhm agus Comhtháthú, Réasún & Réitiú Faidhbe.

 

  • Caighdeánaithe ar sampla ionadaíoch náisiúnta san earrach sa bhliain 2018.

  • Fad: 70 nóiméad (dhá chuid de 35 nóiméad). Tabhair ~deich nóiméad sa bhreis le haghaidh logáil isteach agus an cleachtadh, agus deich nóiméad sa bhreis~ le haghaidh an briseadh idir gach cuid.

  • Spriocghrúpa: Daltaí atá ag deireadh Rang a Trí, Rang a Ceathair, Rang a Cúig agus Rang a Sé.

  • Deartha chun gur féidir riarachán grúpa a dhéanamh gan stró.

  • Scóráil uathoibríoch agus tuairisciú  

 

    Gnéithe na dtrialach

  • 50 ceist ilrogha

  • Roinntear an triail ina dhá chuid, le 25 ceist i ngach cuid.

  • Ceadaítear áireamháin le haghaidh an dara cuid ó Rang a ceathair go Rang a sé.

  • Déantar measúnú ar gach ábhar agus scileanna próiseála sa dá chuid.

  • Cuirtear béim ar chomhthéacsanna an tsaoil agus ag an am céanna, déantar measúnú ar ghnásanna thábhachtacha.

  • Coimeádann sé fócas an réamhthachta ar scileanna ag leibhéal níos airde i.e. nascadh, réasúnú agus réitiú faidhbe.

bottom of page