
NEW!
*Pre-order here*

Measúnú agus Diagnóisic Litearthachta don Iarbhunscoil - Gaeilge
MDLI-G a chur i láthair / Introducing MDLI-G
Is triail litearthachta caighdeánach nua sa Ghaeilge í an Measúnú agus Diagnóisic Litearthachta don Iar-bhunscoil – Gaeilge. Úsáidtear í sna hiar-bhunscoileanna mar uirlis scagthástála agus dhiagnóiseach chun scileanna litearthachta a mheas. Is í seo an chéad triail den tsórt seo in Éirinn le haghaidh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge
The Measúnú agus Diagnóisic Litearthachta don Iar-bhunscoil – Gaeilge is a new standardised test of literacy in Irish for use in post-primary schools as a screening and diagnostic tool for assessing literacy skills. It is the first test of its kind in Ireland for schools that operate through the medium of Irish.
Buntáistí MDLI-G / Benefits of MDLI-G
D’fhorbair an Roinn Oideachais an measúnú MDLI-G, tríd an tSeirbhís Náisiúnta Siceolaíochta Oideachais (NEPS) agus i bpáirt leis an bhForas Taighde ar Oideachas (FTO).
Rinneadh an triail a cheapadh:
-
Ionas go mbeidh sí oiriúnach ó thaobh cultúir de agus saincheaptha chuig chomhthéacs na hÉireann.
-
Ionas gur féidir le múinteoirí í a úsáid.
-
Chun cuidiú le scagthástáil a dhéanamh ar dheacrachtaí (go háirithe i measc scoláirí i mbliain a haon agus trí).
-
Chun a bheith úsáideach ó thaobh measúnú diagnóiseach de agus maidir le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar aon dul chun cinn.
-
Chun cuidiú le feiceáil an bhfuil aon mheasúnú sa bhreis de dhíth (m.sh urlabhra agus teanga).
-
Chun a bheith úsáideach maidir le bunú agus athbhreithniú ar chaigdeáin litearthachta.
The MDLI-G assessment has been developed by the Department of Education and Skills, through the National Educational Psychological Service (NEPS) in collaboration with the Educational Research Centre (ERC).
The test is designed to be:
-
culturally appropriate and tailored to the Irish context
-
designed for use by teachers
-
helpful for screening for difficulties (particularly at first and third year intake)
-
useful in diagnostic assessment, monitoring and evaluating progress
-
can help identify if further assessment might be needed (e.g. speech & language)
-
useful in establishing and reviewing literacy standards
Dearadh MDLI-G / Design of the MDLI-G
Ceapadh an MDLI-G mar uirlis atá éifeachtúil ó thaobh costas de, agus atá éasca le riar do riachtanais litearthachta éagsúla. Rinneadh staidéar caighdeánach a riar ar níos mó ná 1,700 scoláire sa bhliain 2024 agus tá an triail ar fáil anois le riar ar scoláirí na chéad agus na tríú bliana, in éineacht le noirm an fhómhair. Tá cúig fo-thriail i gceist:
-
Léitheoireacht Focal
-
Litriú
-
Mearléitheoireacht
-
Léamhthuiscint
-
Samplaí Scríbhneoireachta
The MDLI-G was designed as a cost-effective, easy-to-administer tool for diverse literacy assessment needs. A standardisation study involving a sample of over 1,700 students was carried out in 2024 and the test is now available for administration to first- and third-year students, accompanied by autumn norms.
It consists of five subtests:
-
Word Reading
-
Spelling
-
Reading Speed
-
Reading Comprehension
-
Writing Samples
Uirlis Scórála agus Tuairiscithe/ Online Scoring and Reporting Tool
Ceann de na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann le MDLI-G ná an t-uirlis scórála agus tuairiscithe.
-
Tiontaíonn sí na hamhscóir go dtí scóir chaighdeánaithe.
-
Gineann sí tuairiscí aonaracha agus tuairiscí grúpa.
-
Cuireann sí raon moltaí ar fáil atá bunaithe ar phróifílí scóir na scoláirí.
Tá rochtain ar an uirlis ar fáil le ceannach gach bliain, áit a gcaithfear comhaontú próiseála sonraí (DPA) a shíniú.
A key feature of the MDLI-G is its secure online scoring and reporting tool. This system:
-
Converts raw scores into standard scores
-
Generates individual and group reports
-
Provides a range of suggestions based on student score profiles
Access to the tool is purchased annually and a data processing agreement (DPA) must be signed.
Traenáil Múinteoirí / Teacher Training
Tá traenáil ar MDLI-G ar fáil trí mhodúil d’fhíseáin ar líne agus i leabhráin chlóite, inar féidir iad a dhéanamh céim ar chéim. De bharr na hacmhainní seo a bheith ar fáil, níl gá le traenáil aghaidh ar aghaidh. Soláthraíonn NEPS tacaíocht leanúnach do scoileanna a cheannaíonn an measúnú.
MDLI-G training is available via online video modules and step-by-step printed manuals, eliminating the need for in-person training. Schools purchasing the assessment receive ongoing support from NEPS.
Slándáil sonraí agus Comhlíonadh GDPR / Data Security and GDPR Compliance
Caithfidh scoileanna Comhaontú Próiseálaí Sonraí a shíniú nuair a ordaíonn siad ábhair MDLI-G.
Cinntíonn an comhaontú seo:
-
Nach n-úsáidtear sonraí na ndaltaí le haghaidh comparáidí scoile.
-
Go stóráiltear sonraí ar fheastalaí criptithe in Éirinn.
-
Go bhfuil eolas pearsanta inaitheanta criptithe.
-
Nach n-aistrítear ach sonraí daltaí anaithnid chuig an FTO le haghaidh forbairt na dtrialach agus pleanáil na n-acmhainní.
-
Go bhfuil an rochtain ar an mbunachar sonrai teoranta go docht ar thionscadail údaraithe agus ar fhoireann theicneolaíocht na faisnéise.
Déan cliceáil ar ár leathanach cosaint sonraí anseo le haghaidh breis eolais ar chonas a úsáideann an FTO sonraí.
Schools must sign a Data Processor Agreement (DPA) when ordering MDLI-G materials. The DPA ensures:
-
Student data is never used for school comparisons
-
Data is securely stored on an encrypted server in Ireland
-
Personally identifiable information is encrypted
-
Only anonymised student data is transferred to the ERC for test development and resource planning
-
Access to the encrypted database is strictly limited to authorised project and IT staff
For further information how the ERC uses data, please see our data protection page here.