top of page


NEW!
 

tmdi main page.PNG

Triail Mhatamaitice Dhroim Conrach d’Iar-bhunscoileanna (TMDI) 

TMDI a thabhairt isteach / Introducing the TMDI

​

Eiseofar leagan Gaeilge de Thriail Mhatamaitice Iar-bhunscoile Dhroim Conrach do Ghaelcholáistí in 2025. Measúnú curaclam-bunaithe ar ghnóthachtáil na matamaitice atá sa triail. Tá sé dírithe ar dhaltaí sa téarma deiridh den 2ú bliain san iar-bhunscoil. Tá ábhar na dtrialach ailínithe le snáitheanna Siollabas Matamaitice nua an Teastais Shóisearaigh. Tá na ceisteanna tástála roinnte i gceithre réimse ábhair: Staitisticí & Dóchúlacht, Céimseata, Uimhir & Tomhas, agus Ailgéabar & Feidhmeanna. Déanann an tástáil measúnú freisin ar phróisis chognaíoch na scileanna a bhaineann le Cuimhne agus Cur i bhFeidhm, agus Réiteach Fadhbanna & Réasúnaíochta.

​

​​

Gnéithe Tástála / Features of the test

 

  • 50 ceist ilrogha

  • Dáileadh cothrom ceisteanna trasna réimse ábhair

  • Béim ar ardscileanna réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna 

  • Fócas ar chomhthéacsanna fíorsaoil praiticiúla

  • Tá na ceisteanna go léir bunaithe ar thopaicí Gnáthleibhéil

  • Tá áireamhán comhtháite agus bileog na bhfoirmlí san áireamh

bottom of page