top of page

Gaeilge (2010) 
Léamh & Éisteacht
Scoileanna Gaeltachta agus
Lán-Ghaeilge

Triail Ghaeilge Dhroim Conrach do Bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge (TGD-G)

Is triail chaighdeánach ar ghnóthachtáil sa Ghaeilge í anTGD-G ar féidir í a riar ar ghrúpaí. Tá ábhar na trialach bunaithe ar Churaclam na Bunscoile, Gaeilge (ROE/CNCM, 1999). Triail í seo do dhaltaí i mbunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

 

Is í seo an chéad uair a cuireadh triail ar fáil bunaithe ar na caighdeáin atá sna bunscoileanna sin amháin a mbíonn an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus foghlama acu. Dá bhrí sin ní bhaineann na noirm ach le daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.  Deineadh TGD-G a chaighdéanú ar shampla Náisiúnta ionadaíoch de 13,000 dalta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

 

Ceithre leibhéal atá sa triail TGD-G agus iad seo ag freastal ar dhaltaí ó ranganna na Naíonán Sinsir go dtí Rang a Sé. Tá dhá fhoirm (Foirmeacha A agus B) ar fáil don triail ag gach leibhéal. Is féidir na trialacha seo a riar ag tús na bliana nó ag deireadh na bliana toisc go bhfuil fáil ar noirm don dá thréimhse sin. Tógann sé idir 90 noiméad (Leibhéal 1) go 2 uair 20 noiméad (Leibhéal 4) chun an trial a riar.  Is féidir riaradh na trialach a roinnt thar dhá lá.

 

Déanann an triail seo cur síos ar chumas an dalta sa léitheoireacht agus san éisteacht, agus, i gcás Leibhéal 4, sa litriú (scríobh) chomh maith.  Cuirtear amhscóir, scóir chaighdeánacha, scoir sten, agus  scóir pheircintíle ar fail.

 

Go luath i 2012, beidh úsáideoirí na trialach in ann clár ríomhaire scórála a cheannach. Tabharfaidh an clár seo tachaíocht le scórál na trialach agus déanfar tuairiscí a sholáthar go leictreonach.

Achoirme ar ghnéithe den TGD-G

Triail Ghaielge Dhroim Conrach do Bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge –Nóta do ‎Thuismitheoirí

 

‎Drumcondra Irish Test for Gaeltacht Schools and Gaelscoileanna – Note to Parents

bottom of page