top of page

Matamaitic (2018)

Triail Nua Mhatamaitice Dhroim Conrach do Bhunscoileanna (TMDB Nua)

Maths Cover - high res - 13-3x9-4cm.jpg

Is í an TMDB Nua an príomhthriail chaighdeánaithe atá forbartha go sonrach le dáileadh ar ghrúpaí i mbunscoileanna na hÉireann.

  • Tá an TMDB roinnte i sé leibhéal, áit a bhfuil a foirmeacha comhuaineacha ann le haghaidh daltaí Rang a a haon suas go Rang a Sé.

  • Tá ábhar nuacheaptha sa TMDB agus deineadh é a chaighdeánú i measc sampla de daltaí bunscoile in Éirinn in earrach na bliana 2018.

  • Tugann na trialacha aghaidh ar na spriocanna a bhí leagtha amach sa Churaclam Matamaitice Bunscoile 1999, áit a bhfuil teacht ar roinnt fadhbanna matamaitice atá lonnaithe i gcomhthéacsanna a bhaineann leis an saol nithiúil.

  • Tá an triail deartha sa chaoi agus go mbeadh sé tarraingteach do dhaltaí i ngach rangleibhéal.

  • Is féidir teacht ar íomhánna lándaite sa triail atá deartha go proifisiúnta.

Achoimre ar ghnéithe an TMDB

Tuairisciú

Leibhéal 1 – Scagthástáil ar an triail (Rang a haon)

Moltar go ndéanfar an triail seo a riar ar ghrúpaí beaga daltaí (~8), más féidir. Déanann Leibhéal a hAon scór caighdéanach a sholáthar, maraon le tuairisc crostagartha ar an gcritéar (Ní dhéantar tuairisc ar scóir STen ná raonta peircintíle a sholáthar don rangleibhéal seo). Chomh maith le tuairisc matamaitice ar an iomlán, bristear síos na torthaí maidir leis na hábhair éagsúla.

  • Uimhreas/Ailgéabair

  • Tomhais

  • Cruth agus Spás/Sonraí

Is féidir briseadh síos a fháil ar fheagraí de réir Aonad Snáithe I bPróifíl Aonair an Dalta (a fhaightear sa leabhrán). Ina theannta sin, is féidir mionléamh a fháil ar gach ceist má úsáidtear an Tuairisc ar Choincheapa agus Scileanna.
 

Leibhéil 2-6 (Rang a Dó go Rang a Sé)

Tá na trialacha seo deartha ionas go riarfar iad ar ghrúpaí ranga iomlána. Is féidir amhscóir, scóir STen agus ar oird pheircintíle a ríomh le haghaidh:

 

  • Matamaitic Iomlán

  • Réimsí Ábhair: Uimhreas/Ailgéabair; Tomhais: agus Cruth & Spás/Sonraí

  • Scileanna Próiseála: Tuiscint agus Cur chun Feidhme; Comhtháthú, Réasúnú agus Réiteach Fadhbanna  

Na Trialacha a Riar

Is féidir le daltaí ag Leibhéal 1 agus 2 a bhfreagraí a mharcáil ina leabhráin trialach. Marcálann an múinteoir iad seo de léámh. Léitear Leibhéal 1 den triail os ard chuig na daltaí ó thús deireadh.

Úsáideann daltaí ag Leibhéal 3 agus 6 bileoga freagraín. Is féidir na leabhráin a athúsáid ag na leibhéil seo. Is féidir Leibhéal 3 go 6 a riar ag an am céanna i ranganna ilghráid. Tá an rogha ag múinteoirí iad a mharcáil de láimh nó ár seirbhís ‘inneall-scórála’ a úsáid.

Trialach an Earraigh & an Fhómhair

Is iad na noirm atá in úsáid don TMDB Nua ná noirm an earraigh, a thagann le treoirlínte an rialtais. Is féidir na trialacha a úsáid san fhómhar dar gcionn más rud é go dteastaíonn ó scoileanna é seo a dhéanamh m/sh is féidir trialacha Leibhéal a Trí a úsáid do dhaltaí atá ag tús Rang a Ceathair. Tabhair faoi ndeara nach ionann é seo agus comparáid dhíreach idir an dá thriail, ach de ghnáth ní bhíonn ach miondhifríochtaí i gceist idir an t-earrach agus an fhómhar. I láthair na huaire, níl scála trialach leathan ag an TMDB Nua.

 

bottom of page